Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. Galway
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0201
  3. XML “Triúr Mac An Rí Agus an Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Shílfheá," adeir an fathach," nach é seo an páiste." Acht teasbáin an bean ladhraicín an páiste dhó agus cheap sé annsin go bé an páiste a bhí ann.
    Nuair a bhí an mada ithte ag an bfatach dubhairt sé nach raibh a dhóthain aige fós agus siar leis sa seomra san áit a raibh na daoine marbh ag iarraidh geampa feóla agus cé dhó a mbainfeadh sé píosa acht dhíom fhéin.
    Níor chuir mé fhéin cor asam mar dhá gcuirfinn bheinn marbuighthe ar fad aige. Dubhairt an bhean leis an bhfathach an fheoil a spárailt go mbeadh sí ag teastáil lá eile níos géire uaidh. Luigh an fathach siar annsin agus thuit sé na chodlad. Nuair a d'airigh mé fhéin an fathach ag srannadh d'éirigh mé, chuir mé orm mó chuid éadaigh agus annsin chuir mé bior ins an teine leis an tsúil a bhaint as an bfathach mar ní raibh ann acht leath-shúil
    Nuair a bhí an bior dearg te sháit mé isteach i súil an fhathaigh é agus b'éigin dhom greadhadh annsin. Lean an fathach mé agus nuair nach raibh sé indon coinneál liom chaith sé a fháinne liom agus chuaidh an fáinne suas ar mo mhéir. D'fhiafruigh an fathach uair don fháinne cá raibh sé anois mar nach bfaca an fathach mise.
    Dubhairt an fáinne go raibh sé annseo.
    Tharraing mé fhéin amach mo sgian ghearr mé an mhéir dhíom fhéin agus chaith mé isteach san abhainn í.
    "Cá'il tú anois a fháinne" adeir an fathach aríst.
    "Tá mé annseo san abhainn" adeir an fáinne.
    Síos leis an bfathach san abhainn agus báithead é.
    "Breathnuigh ar an láimh sin" adeir an Gadaidhe Dubh "nach bhfuil an mhéir bainte dí?"
    "Cé ba mó an gábhadh é sin ná mé a bheith crochta suas annseo?" adeir an Gadaidhe Dubh.
    "Seadh," adeir an ríogh, "agus ba í sin mo bhean-sa a bhí ag caoineadh sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Bolustrom
    Inscne
    Fireann
    Aois
    1166929
    Faisnéiseoir
    Séamus Bolustrom
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway