School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 005
  3. XML “Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 2. Timcheall is leath mhíle suas ó'n sgoil tá loch bheag ar a dtugtar loch na Sginnín. Tá sé raidhte ag na seandaoine go bhfuil bráitlin óir i bhfolach i gcúimhais na locha.
    Uair amháin bhí fear as an Áird ina chomhnuidhe i mbotháinín shuas ar an sliabh ann. Chonnaic gasúr beag é lá ag tabhairt bráitlín leis agus ag dul amach go dtí bruach na locha. D'aithin an gasúr gur ór a bhí sa mbráitlín. Rith se abhaile agus d'innis sé céard a chonnaic sé.
    Lá ar na bhaireach d'imigh an gasúirín leis agus stop ná stad ní dhearna se na go dtáinig sé go dtí an botháinín. chuaidh se isteach agus fuair sé an sean-fhear caillte. As sin go ceann cúpla lá chuaidh fear as an áit ar thóir an chiste ach fuair sé bás. Chuaidh fear eile ar a thóir acht d'éirigh an rud céadna dó. Ó'n am sin amach ní dheachaidh aonduine gar don áit ar eagla gl gcaillfidhe iad.
    Ainm: Mícheál Mach an Iarla
    Seoladh: Leitir-Árd, Caiseal.
    Ainm an t-seanchaidhe: Seán Ó Uaithnín
    Seoladh: Leitir - Árd, Caiseal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mach an Iarla
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Uaithnín
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway