School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 025
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Sa tseanaimsir is arán min choirce is mó a bhíodh ag na daoine.

    Is sa mbaile a mheileadh siad an coirce agus is le rud a dtugtaí bró air a dheinidís é. Dhá chloch iseadh bró a mbíonn láimh ar cheann acu. Nuair a bhíodh siad ag meilt an choirce bhídis ag casadh an chloch a mbíodh an lámh air.
    Bhíodh saghas aráin eile acu ar a dtugtaí bocstí. Déantar é sin thart anseo fós agus seo é an a dhéantar é. Ar dtús baintear an craiceann de na fataí agus ansin sgríobtar iad. Baintear an t-uisce asta agus cuirtear síos ar an ngreidill iad le bácáil. Cuirtear marc nó cros ar na cácaí ar fhaitchíos go dtiubhradh na sidheoga leo iad. Dheinidís arán eile as fataí bruithte, mar seo. Nuair a bhíodh na fataí bruithte bhaineadh siad an craiceann díobhagus chuireadh siad min choirce thríd. Ansin chuiridís síos ar an ngreidill é mar a dhéanaidís leis an mbocstí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway