School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 047
  3. XML “Muintir Flaithbhearta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iad na Flaithbheartaigh a bhí i gceannas na h-aite seo fadó. Chaitheadh na daoine beithidhigh a íoc mar chíos leo. Ba é Tadhg na Buille an ropaire ba mhó a bhí ortha agus bhí caisleán aige san Áird. Tá an fothrach le feiceál fós agus tugtar caisleán na h-Áirde ar an áit.
    Beithidhigh agus airgead a bhíodh le n-íoc ag na daoine leis ar dtús ach ansin d'éirigh sé as a bheith ag tógáil beithidheach agus airgead a bhíodh sé ag iarraidh. Muna bhfuigheadh sé an t-airgead chuirfeadh sé na daoine as seilbh. I n-éindigh leis an méid sin ní bhfuigheadh siad aon talamh eile.
    Uair amháin bhí baintreabhach in Inis Leacain a thug beithidhigh dó ach nach raibh aon airgead aice le tabhairt dó. Chuir sé as seilbh í. Tamall ina dhiaidh seo d'éaluigh mac na baintreabhaighe isteach sa gcaisleán 'san oidhche agus mharbhuigh sé Tadhg.
    Tar éis an ama seo tháinig na tighearnaí talmhan isteach. Sé Berridge a bhi i gceannas na h-aite seo.Bhí caisleán aige i mBaile na h-Inse ach chaitheadh sé an chuid ba mhó dá am ag taisteal. Bhíodh fear eile ag tógáíl na cíosa dó ar a dtugtaoi "Robinson". Bhí teach mór aige san taobh amuigh de Chloch na Rón agus tá beirt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Seán Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway