Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is ar Dia Máirt agus ar Dia Luain is iondamail a phósann na daoine timceall na h-áite seo. Ní pósann aon duine acu ins an gcarrais, acht fanann siad go mbíonn an Carrais tart. Is ndiaid an carrais is minic a pósann siad. Is i mí Meitheam a posann an cuid is mo acu mar deartear go bhí an mí is átamhail san mblian le posaid a déanamh. Nuair a bíonns an bean ag imeacht as an mbaile agus í ag dul ag posadh tugann an t-athair no an mathair spré dí. Mar a mbíonn móran airgid ag an athair le tabhairt dá ingean, beithuigh no rud eigin mar sin a fágann sí . Is béag bean ins an áit seo a fágann airgead mar ní bhíonn móran airgid ag an muinntir. Tá athrú mór ar an saogal anois seacas fádo. Nuair a bíod siad ag dul ag posad fádo bíod órta siubal go dtí an teach pobhail. Acht anois bíonn gluaistean no dhó acu go dtí teach an pobhail agus ar ais arist. An oidhche roimh lá an posaid bíonn ceol agus dámsa agus uisge beata i dteach na mna. Annsin ar maidin téigeann an fear a iarraid gluaisteán agus an faid a bíonns an féar imtighe bionn duine eile ag dul tart ag iarraid cupla duine eile le dul leo ins na gluaisteán go mór mór na caillini a biodh a imeacht in einfeacht leis an beán sul a raibh sé pósta . Tagann siad go dtí teach na mna annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairbre Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. Galway