Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 353
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bróige. Ní raibh aon mhaith dóibh ann. Annsin tháinig sé anuas go dtí Coitín Luachra agus dubhairt sé léithe an bhróg a fheacaint uirthi. Níor fheac mise broigín leathair ariamh orm fein ní hé amháin a dhul ag cur bróg airgid orm a deir Coitín Luachra. Caithfeadh tú í a fhéacaint ort a deir sé . Bhuail sí amach go ndeachaidh sí go dtí teach a máthar gur ghléas sí í féin sa gculaith gloine a bhí uirthí san teach siamsa. Chuir sí uirthi an leath bhróig a bhí aici fhéin. Bhuail sí an slaitín draoidheacht' ar an gcloich agus rinne sí each caol ban dí. Chuaidh sí ag marcuidheacht ar an each caol bán go dtí cúirt an rí.
Tháinig sí isteach chuig cúirt an rí agus fuair sí an bhróg uaidh. 'Anois' a deir sí 'tá an dá bhróg agam agus ná ceap gur cailín bocht mise, inghean rí atá ionnam agus níl aon duine ag mo athair ach mé féin. Tháinig a máthar agus pósadh iad. Bhí bainis seacht n-oidhche agus seacht lá ann agus ní raibh fhios cíoca b'fhearr an chéad oidhche ná an oidhche deirneach. Nuair a bhí siad pósta thug an rí an áit suas don mhac. Nuair a bhí siad mí pósta chuaidh sí fhéin agus a fear agus a máthair abhaile go dtí a h-athair.
Tháinig an triúr aca isteach go dtí a h-athair, níor aithnigh sé ceachtar aca. D'fhiafruigh sí den rí 'nach n-aithnuigheann tú muid'. 'Ní aithnuighim' a deir sé. 'Is mise do inghean agus seo í mo mháthair'. 'Nár cailleadh do mháthair' a deir sé. 'Nior cailleadh' a deir sí , 'faoi dhraoidheacht a bhí sí. Seo é mo fhear, mac le na leithéid seo do rí.' Chuir sé fios ar an muinntir thart timcheall chun bainis a thabhairt dóibh. Bhí bainis seacht n-oidhche agus seacht lá eile aca de gach rud dá bhféadfadh a bheith aca. D'inis a inghean don rí go dtug athair a fir an áit suas dó fhéin. 'Tiubhraidh mise suas an áit duit-se freisin nuair a bhéas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Maoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. Galway