Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 375
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó ní chaitheadh an daoine aon bhróg go mbídís fiche bliain d'aois. Tá trácht ar dhaoine nár chaith aon bhróg ariamh agus tá beirt nó triúr aca mór- timpeall na h-áite seo. Na páistí atá ann fé láthair is gnáthach leo imtheacht cosnochta tamall de'n bhliain go mór-mór sa Samhradh. Cuid des na páisti imthigheann siad cosnocht sa nGeimhreadh chomh maith agus ní bhíonn mórán sunndais aca ar fuacht mór, an t-sioc agus an t-sneachta. An t-uisge a nigheann na cosa ní chaitear amach é ar eagla go mbeadh aon duine ag teacht faoin doras agus go ndoirtfidh air é agus deirtear gur pisreog é sin.
Ní déantar bróga san áit anois ach déantaidhe fadó ann iad agus ba láidre agus b'fhearr na bróga a deintí fadó ná na bróga a dhéantar anois, agus rud eile b'fhearr a sheasaidís. Deisightear bróga sa n-áit agus fuaghtar iad le meanna agus bíonn siad an-deas nuair a bhíonn siad deisighthe. Duine a fhághann's péire bróg nuadh déarfadh duine leis 'Go mairir is go gcaithir iad agus céad péire nios fearr ná iad' agus a lán eile mar sin. Is flúirsighe a bhíodh gréasuidhthe san áit fadó ná mar atáid anois agus tá a lan aca ag fághail bháis. Fadó Chaithtí bróga bonn adhmaid ach anois níl ceann ar bith sa n-áit. Do bhíodh adhmad an tanaidhe ionnta agus bhídís an deas. Dhéanadh na daoine féin cuid aca agus cheannuighdís mór-chuid aca freisin.
Ní chaithtear bróga bonn adhmaid anois mar tá bróga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway