School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 380
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)......scáil ar an obair sin.
Tamall maith 'na dhiaidh sin sprayáileann na daoine na fataí i n-aghaidh an duibh agus tugann siad aire mhaith dóibh. Annsin baintear na fataí agus scartar na cinn bheaga ó na cinn mhóra agus cuirtear i bpuill dóibh féin iad. Fágtar i gcuid de na puill na fataí ar feadh míosa agus annsin tarraingtear abhaile cuid aca le h-aghaidh na ndaoine agus na mbeithidheach. Tugtar na fataí beaga do na beithidhigh agus do na géadha agus coinnightear cuid mhaith de na fataí móra le h-aghaidh síl. Fásann cúig saghas fataí i m'áit:- búrca, sampíonaí, banners, Kerry Pinks, fataí dearga agus fataí gorma. Tá siad go léir go maith. Glaodhtar caistín ar an mála a mbíonn na sgiolláin ann. Fadó do dhéanadh na daoine stailc as na fataí ach ní dhéanann siad sin anois. Scríobaidís na fataí ar dtús agus an rud a bhíodh fágtha dhéanfaidís stailc de. Déantar arán d' fataí freisin. Cúpla glac plúir agus fataí a mheascadh le chéile agus dhéanfadh sé arán an-deas agus déantar baicste d'fhataí freisin.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway