School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a bhíonn an lá go breágh agus tosuigheann sé ag déanamh pící agus tuaghanna.
Bhíodh cuid de na gaibhne an-láidir agus deirtear go mbíodh cuid aca ag tarraingt fiacla fadó. Uair amháin tháinig fear go dtí gabha agus d'fhiafruigh sé den ghabha an gcuirfeadh sé crúidhte faoin gcapall dó agus dubhairt an gabha go gcuirfeadh. Annsin nuair a bhí na crúidhte curtha ar an gcapall ag an ngabha d'fhiafruigh an fear de cé an t-airgead a bhainfeadh sé de agus dubhairt seisean dhá phinginn ar an gcéad táirne agus é a dhúbailt uaidh sin amach. Pé ar bith airgead a bhí ag an bhfear ní raibh sé indhan na crúidhte ná na táirní a íoc. Is minic sa tsean-aimsir a dhéanfadh na gaibhne tuaigh agus pící chun troid a dhéanamh. Sílim nach raibh aon bhaint ag aon cheárdchan le cath mór stairiúil.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway