Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 458
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor cait annseo i n-Éirinn darbh ainm Cat an Clamhsán, Cat na luatha buidhe, Sgrathaidhe an Teallaigh, Seabh, Meabh, agus Coinneall Rí na gcat. Shuidheadar síos ag an teine aon tráthnóna amháin agus dubhairt ceann aca leis an gceann eile, scéal a innseacht. Ní innseóchaidh Cat an Chlamhsán aon sgéal. Ní innseóchaidh Cat na luatha buidhe aon sgéal, ní innseóchaidh Sgrataidhe an Teallaigh aon sgéal, ní innseóchaidh Meabh aon sgéal, ní innseóchaidh Seabh aon sgéal, ní innseóchaidh Coinneall Rí na gcat aon sgéal. 'Innseóchaidh mé féin sgéal' arsa Cat an Chlamhsán.
Bhí mé thíos i dtigh an rí indiu agus tar eis mé a bheith sgathamh istigh leim mé suas ar an driosúr agus d'ól mé deoch as cupán a mbíodh inghean an rí ag ól bainne as. Tháinig inghean an rí orm leis an sguab a bhí aici tar éis a bheith ag sguabadh an urláir agus bhuail sí san druim mé agus is beag nár mharbhuigh sí mé. Rith mé amach agus nuair a fuair mé inghean an rí imighthe d'éaluigh mé isteach ar an driosúr arís agus bhí mé an-chumhal agus nuair a bhí mé ag ól blogam as an gcuinneog agus sgaoil mé trí ribe as mo chuid féasóg isteach sa gcuinneog agus rith mé amach le m'anam. Ní íosfaidh sí aon ghreim go deo nó go mbéarfaidh sí trí cinn de chait óga agus go bhfuighidh sí trí bhraon as an bpoitín seo atá ar an bhfuinneog agam-sa. Bhí fear i bhfolach faoi dhabhach Coinneall Rí na gCat san am céadna agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway