School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 459
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí fear istigh go tráthamhail a thug an scéal amach. Chroch sé leis an buidéal a bhí ar an bhfuinneogagus chuaidh sé go dtí inghean an rí leis. Bhí go leor dochtúirí ag an teach nuair a tháinig sé agus gan iad ag déanamh aon mhaith di. Dubhairt an rí annsin an dochtuir a leigheasfadh í go dtabharfadh sé dhó le pósadh í agus go mbeadh sé 'na rí in a dhiaidh féin thréis a bháis. Chuaidh sé seo isteach agus thug sé trí bhraon dhi as an mbuidéal agus d'éirigh sí suas chomh slán, chomh folláin is a bhí sí ariamh.
    Pósadh í féin annsin agus an dochtúir a leigheas í agus chaitheadar bainis seacht n-oidhche agus seacht lá. Uaidh sin amach bhídís ag imtheacht i gcóistí. An chéad oidhche eile bhí na cait cruinnithe le chéile agus dubhairt Cat an Chlamhsán má d'innis mise scéal an oidhche cheana ní innseóchaidh mé aon sgéal anocht go bhfuighe mé amach an bhfuil aon duine i bhfolach faoi na dabhachanna. Annsin thosuigh sé ag tóruidheacht faoi na dabhachanna agus nuair a tháinig sé chomh fada le dabhach Coinneall Rí na gCat bhí fear i bhfolach ann agus ní dhearna sé aon bhlas ach na súile a bhaint as. Annsin d'innis sé an sgéal agus bhí sé an-tsásta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway