Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Lerhin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Ceapadóireacht - Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair bhíonn duine ag dul isteach i dteach nuadh téigheann sé isteach ar Dia h-Aoine. Deirtear go mbeadh rath ar an duine a rachadh isteach ar Dia h-Aoine. Deirtear freisin go mbeadh mí-adh ar an duine a rachadh isteach ar aon lá eile de'n t-seachtmhain. Thosóchadh chuile dhuine beagnach obair nuadha ar Dia h-Aoine.
    Tá go leor pisreóg faoi lá Bealtaine. Nuair éirigheann duine ar an maidin sin ní chuireann sé síos teine. Fanann sé go bhfeiceann sé deatach i dteach eile. Nuair chíonn sé é faduigheann sé teine. Éirigheann chuid aca roimh éirighe na gréine. Téighid go dtí an tobar fíor uisge. Tugaid isteach uisge an lae. Ní thaithnigheann le na daoine smearóid a leigint amach an lá sin.
    Go minic goideann droch-daoine im na mbó. Bheadh rath ortha dá ndéanfadh siad é. Creideann na daoine go mbíonn na Sidheóga amuigh Oidhche Shamhna. Ceapann siad go gcuireann na Sidheóga draoidheacht ar na sméara an oidhche sin, agus ní itheann siad iad ó'n oidhche sin amach.
    Tuiteann an corr lá ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Mhainnín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lerhin, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Lúcás Ó Mainnín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lerhin, Co. Galway