Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Lerhin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Ceapadóireacht - Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gclais sin fadó. Tá sé suidhte ar árdán tailimh. Tá sé níos áirde ná na páirceanna eile. Tá sgeachacha ag fás timcheall na leasa. Níl sgeachacha ag fás istigh i lár na leasa. Tá sean-pholl ins an leas Tá sé beagnach dúnta anois. Níor fhág aon duine lámh air ariamh mar bheadh faitchíos ortha roimh na sidheógaibh. Comhnuigheann coiníní ins an leas. Ní bhacann na daoine leo, mar deirtear nach bhfuil sé ceart. Ní mharbhuigheann nó ní itheann na daoine iad, mar bhead faitchíos ortha.
    D'innis m'athair go leor sgéalta dom faoi'n leas ata i dTumárd. Seo ceann aca. Bhí beirt fhear amuigh ag fiadhach fado. Bhí lios Tumárd ar a mbealach. Bhí sé go mall san oidhche nuair bhíodar ag teacht abhaile. Bhi an oidhche an-dorcha. Nuair tháinigeadar comhfada leis an lios chonnaiceadar solas. Nuair chuadar go dtí an áit a raibh sé bhí sé imthighte. Bhí cat fiadhain annsin. Bhí a shúilí agus a ruball tré lasadh. Bhí faitchíos ortha roimhe. Ritheadar abhaile. Rith an cat in ndiaidh. I gceann tamaill tháinigeadar go sruthán. Léimeadar trasna an sruthán. Bhí fhios aca nac féidir le spioradh ar bith dul thar uisge san oidhche. Bhí áthas ortha annsin mar d'fhill an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ahaun, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Magh Fhloinn
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ahaun, Co. Galway