Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Lerhin, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)m'athair an sgéal seo dom freisin. Oidhche amháin bhí an fear seo ag siubhail tar lios. Tá an lios sin suighte i gCluinnagat. Chonnaic sé muc dhubh agus súile tré lasadh air. Sheas sé amach roimhe agus ní leigfeadh sé an fear abhaile. Bhí air dul ar ais arís, go dtí an teach a chaith sé an oidhche ann. Cuir bean an tighe a beirt mhac leis agus thug sí uisge coisrichthe dhó freisin. Chuadar go dtí an leas arís. Ní fhaca na buachaillí an muc, ach chonnaic an fear í. Bhí sruthán inaice na leasa. Do léim sé thar an sruthán agus nuair bhreathnuigh sé thart ní fhaca sé an mhuc. Chuaidh sé abhaile. Fuair sé bás tobann. Deirtear gur sguab na sidheóga leo é.
Bhí sean caisleáin adhmaid san t-sean aimsir ins na háiteanna a bhfuil na liosanna indiú. Do chomhnuigh taoiseach na háite ins na caisleáin sin.
Ní réabadh aon duine lios. Threab fear lios uair amháin. I lár na hoidhche tháinig na sidheóga. Bhí air an cré a shocrughadh síos arís. D'innis sé an sgéal so dom faoi'n leas atá i dTumárd. Níor bhac aon duine leis an lios sin ó shoin.- Bailitheoir
- Máire Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lerhin, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Padráig Mac an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lerhin, Co. Galway