Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Lerhin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 259
  3. XML “Ceapadóireacht - An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    m'athair dom go raibh trí bailte i gCastletoun an uair sin. Ní fhaca m'athair iad ach chuala sé a shean-athair ag rádh go raibh. Tá rian na mbailte le feiceál indiú. Is feidir a fheiceál an ait a raibh na tighthe. Chuala mé m'athair ag rádh gur chaith an tighearna talmhan amach ar an mbóthar iad.
    Bhí an tighearna talmhan ina chomhnuidhe i gCiltulla. Fear an-gharbh agus an-shanntach dob eadh é. Ní raibh creideamh ar bith aige. Protastúnach do bhí ann. Níor thaithnigh sé le na daoinibh mar bhí sé ag chur cíosa an-throm ortha.
    Sa mbliadain míle ocht céad dachad is a chúig tháinig an duibheachán ar na fataibh. Do theip an chuid is mó aca. Do lobh an chuid eile aca ins an bpoll. An bhliadhain ina dhiaidh sin ní raibh síol ná airgead aca. Bhí gortach sa tír. Na blianta roimhe sin bhí na fataí go han flúirseach. Bhí tuairim's seacht n-acraí talmhan aca. Bhí leath acra coirce ag gach feirmeór. Mhaireadar ar an min coirce. Ní raibh plúr ag teacht isteach thar sáile an t-am sin.
    Bhí go leor daoine ag fághail bháis leis an ocras.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ahaun, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Mágh Fhloinn
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ahaun, Co. Galway