Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Ballincurry, Co. Galway
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)DOMHNACH na FAILME
Beannuightear an fhailm ins gach áit ar an Domhnach seo agus deirtear go bhfuil leigheas cumhachtach ins an bhfailm le h-aghaidh tinneas droma. Beannuightear an druim leis an failm agus tagann biseach air díreach.
LÁ BEALTAINE
Eirigheann gach duine roimh eirghe na greine, lá Bealtaine chun a eadan a nigheadh leis an drucht. Creideann muinntir na h-aite seo go gcuireann drucht lae bealtaine feidhm ins an gcroiceann, fanacht slan o theas na greine í rith an t-samhraidh.