Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. Galway
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus is fad ó bhí agus dá mbeadh sí ann an uair sin ní beadh sí ann anois agus bheadh sgéal maith nó droch sgéal aicí nó bheadh sí gan aon sgéal.
Bheul. nuair a bhí. bí sí ina suidhe go deireannach an oiche Satharn seo agus bhí sí a sníomh agus ina bhí ar uair an mheadhon oiche d'fhosgail an doras agus tháinig cailleach isteach a raibh aon adhac amhain uirthi agus bhí roth túirne aici. Ní raibh sí acht istigh nuair a bhí buille eile ag a doras agus labhair duine taobh amuigh.
Má tá cailleach an adharc amhain istigh leigfidh sí cailleach na dhá adharc isteach". adubhairt si. D'eirigh an chailleach a bhí istigh agus dfosgail sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh dhá adharc uirthi agus bhí cosa na tuirne aicí. Shuidh sí síos is níor labhair sí focal agus ba ghearr a bhí sí ann go raibh buille ag an doras labhair guth gharbh taobh amuigh.
Ma ta cailleach na dha adharc istigh leigfidh sí cailleach na dtrí adharc isteach" adubhairt sí.
D'eirigh an dára cailleach a bhí istigh agus d'fosgail sí an doras agus tháinig isteach cailleach a raibh trí adharc uirthí agus bhí píosa go shnúdha aicí. Shuidh sí síos ar stól i lár an úrláir agus ina shuidh d'airigh sí buille ag an doras agus bhí duine eicint a cainnt taobh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Ghiolláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Onóir Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. Galway