Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    brionglóidígh dhá ngabhainn síos ag Seán Buidhe Úrainn i gConn Mhaicne Mara go bhfuighinn pota óir faoi sgceich ag an mbinn aige, ach ní dheachaidh mé ann. Nuair a chualadh Seán Buidhe Úrainn an chainnt ag an ngabhainn, bhí sé ag screadach nó go bhfuigheadh sé h-éin seans le n-imirt ar an ngabhainn, agus d'imthigh sé uaidh, agus chuaidh sé abhaile. Nuair a tháinig sé abhaile leis an maideachan, bhuail sé doras a thíghe féin i gConna Mhaicne Mara. Ní leigfeadh a bhean isteach é, ag ceapadh go raibh sé basuighthe gur b'éigin dhó codhladh amuigh ar feadh an lae. Tráthnóna tháinig sé isteach gur chodail sé trí oidhche is trí lá ag a raibh de chodhladh air. Níor innis sé tada dhá bhean nuair a dhúisigh sé, fá an bpota óir. D'éirigh sé an tríomhadh maidin leis an lá. Chuaidh sé amach fá an sgeich go neachaidh sé ag cartadh gur iompuigh sé leac, agus nuair a d'iompuigh sé an leac fuair sé pota óir ann. Thug sé isteach ag a bhean é. Seachthmhain ón lá sin, bhí triúr sgoláirí bocht ag dul thart. Tháinig siad isteach ag Seán. D'orduigh sé beirt acu ag an mbord. Ní dheacha an tríomhadh duine isteach gur ith an bheirt acu a ndóthaint. D'imthigh beirt acu amach agus d'fhan faer acu istigh ag breathnughadh ar chlár a bhí sa chlúid. Ní raibh mórán foghlamtha ar aoinne san am sin, agus bhí Seán ag fiafrughadh de'n fhear a d'fhan istigh cé an fáth é a bheith ag breathnughadh ar an gclár. Séard a deir an sgoláire bocht gurb'fhearr an toabh a bhí gan fhághail de'n leic ná an taobh a bhí fáighte. Coinnigh Seán an sgoláire bocht ar an teaghlach go dtí maidin lá'r na bhárach. D'éirigh an bheirt an maidin le maidneachan, agus chuadar amach ag cuardach fao'n sgeich. B'éigin dóibh gró fhághail a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dioráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Maoláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. Galway