Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bealach a bhí leis. Deir sé gur ag cuartughadh oibre a bhí sé. Rinne sé an margadh céadna a rinne sé leis an gcéad bhuachaill, agus bhí sé sásta leis ach beatha mhaith fhághailt. "Togha", arsa an feilméar, "a gheobhar tú uaimse". Bhí an buachaill an t-sásta gcaitheamh, nó gur casadh i ndiadh na gcaorach leis féin é aon lá amháin. D'fhéach sé ceann agus chinn air agus síneann sé síos faoi chrann le briseadh croidhe. Chonnaich sé caillichín beag ag dul thairis sa gcoill. D'fhiafruigh sí de cé'n bealach atá leatsa annso. D'innis sé a ghearrán dhí. "Cén sórt beathadh a bhí tusa ag fágail ar feadh na h-aimsire sin?" "Bhí togha bídh agam", ar seisean, "agus neart feóla". "Feól úr a bhí tú ag caitheamh", arsa sise? "Seadh", a deir seisean. "An raibh salann agat"? ar seish sise" "Ní raibh",a deir sé. "Éirigh i do shuidhe," arsa sise , "agus téirigh leat agus fáigh páipéar salann; ach n feictear agat é, agus déun úsáid de neart de ar an bhfeóil". "Ó! tá sé mall agam anois," adeir seisean. "Tá furmhór m'aimsire shuas." "Ta do dhóthain ama agat," ar sise. D'imigh leis agus rinne sé mar dubhairt sí. Nuair a tháinig an lá cáirde, d'fhógair an feilméar go raibh a thearma shuas, agus a mharghadh a shaothrughadh.
    Chuaidh siad indiadh tréad caorach gur chuir siad igcró iad, agus thosuigh sé dhá gcaitheamh amach ó cheann go ceann thar an seonnra. "Go mairidh tú do mharghadh", adeir an buachaill leis an bhfeilméar. "Ó! ná bánuigh uilig mé," arsa'n feilméar: "go mairidh tú do mharghadh," arsa an buachaill, sin nó caill stiall do dhroma." B'fhearr leis an bh'feilméar na caoirigh a chailleadh ná stiall do dhroma." Bíod sé buidheach de'n chaillichín beag a thug comhairle dó úsáid a dhéanamh de'n salann. Marach sin bheadh an sgéal aige a bhí ag an gcéad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Dioráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Dioráin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. Galway