Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Dómhnach 'na dhiadh sin chuaidh sí ann. Níor léig an sagart aon Aifreann. Tháinig sí abhaile agus dúbhairt sí le na máthair nár léig an sagart aon Aifreann, agus ní raibh an focal ráidhte aice nuair a tháinig an sagart ag an doras. D'fhiafruigh sé dá mháthair an dtúibhradh sí dó an inghean le pósadh. Dubhairt sí go dtúbhradh. D'imigh leo annsin gur bhfuair siad sagart a phós iad. Pósadh iad, agus bhí bainfheir sa teach ar feadh na hoidhche. Nuair a scaip na daoine fuair an bhean leaba dóivbh. Nuair a bhí an sagart ag dul a chodhladh d'fhiafruigh sé di an raibh sí ag dul a chodhladh. Dúbhairt sí leis an sagart breith an rópa i-n-a láimh sa leabaidh. Cheangail sí an rópa fárna lár, agus chuaidh sí amach go doras na sráide. Cheangail sí gabhar do'n rópa, agus d'imthigh sí féin leí gur tháinig sí go dtí an teampull. Nuair a b'fhada leis an sagart ag teacht í thosaigh sé ag tarraingt an rópa. Nuair a chonnaic sé an gabhar dúbhairt sé go gcaithfeadh sé bás fhághail.
    Shuidh sí i gcúinne san teampull. Is gearr a bhí sí ann nuair a chonnaic sí spota beag sa talamh. D'éirigh sí 'na seasamh. Shiúbhail sí síos na staighre. Nuair a bhí sí in íochtar tháinig fear go dtí í. Céard a bhí ann acht máighistear ifrinn. D'fhiafruigh sé di céard a thug annseo í. Dúbhairt sí gur ag dul amugha a bhí sí. Chonnaic sí teine mhór agus pota mór uirthi. Bhí trí anam shíos san bpota thá mbruith. D'orduigh an fear seo di a bheith ag réideadh na teineadh ó luan go Satharn. Fuair sí tamall spráis Dia Dómhnaigh. Nuair a bhí sí sgaitheamh ag réitdeadh fhá'n bpota, fuair sí na trí anam le tiúbhairt léi. Nuair d'arduigh sí aníos an teampull an lá sin casadh an Mhaighdean Ghlórmhar uirthi. D'iarr Sí na trí anam uirthi, agus níor thug. Casadh Naomh Íoseph uirthiagus d'iarr sí na trí anam uirthi, agus níor thug, Casadh Rí an Domhnaigh uirthi. Thug sí na trí anam
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Flaithbheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Bairbre Ní Mhaoláin
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. Galway