Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Sé an t-am de'n bhliadhain is mó a bpósann daoine in-Árainn roimh an gCargas is indhiadh an Chasghas. Dias na míosaí atá mí-rathmhas chun pósta. Meadhon fhógmhair agus Deire Fóghmhair, agus siad na laethanta atá mí-rathmhas Diardaoin, Dia Aoine agus Dia Sathairn. Seo gnás atá aca: dá mbeadh bean siar le dul soir pósfadh sí Dia Luain, agus dá mbeadh bean thoir le du; siar pósfadh sé Dia Máirth, agus Dia Céadaoin an lá is fearr ba chuma cá rugabhadh siad. Seachtmhain roimh an bpósadh téigheann an fear go stí teach na mná dhá h-éileamh féin. Tugtar airgead stoc agus talamh ammantaí mar spré. Bíonn bainfheus acu idéigh na mná ar feadh na h-oídhche go stí an dó dhéag lá'r na bhárach, agus annsin téidheann siad go stí an séipéal, agus póstear iad. Tagann siad ar ais go dtí tigh an fhir annsin, agus bíonn bainfheis aca go dtí lár na bhárach. Bhíodh pisreóg aca ag fágáil an t-séipéil dóibh. Bíodh muinntir an fhir ag iarraidh an fear a choinneail istigh, agus muinntir na mná ag iarraidh an bhean a choinneail istigh; mar déaraidís an duine a ghabhadh amach idtosach gurbh é is túisce a gheobhadh bás. Tá an gnás seo caillte anois. Bhíodh pisreóg eile acu: an cailín a bhíodh ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.