Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 251
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá luibheanna ar a dtugtar deoradáin. Tá na deoradáin go dona i bhféar mar an féar a bhíonns timcheall ortha ní féidir leis na beithidhigíbh é a ithe. Tá luibh eile ag fás san talamh ar a dtugtar an meacan. Ta sé go dona in aon áit, mar dhá n-íosfadh aon ainmhidhe é d'atfadh sé agus chaillfidhe é. Acht is caoirigh is mó a ithcanns é. Tá bun raithnighe fiadháine ina leigheas ag duine a bheadh péistí air. Tá luibh ann ar a dtugtar an cneamh. Tá sé go dona ináit a bheadh bó bhainne. Dhá n-íosfadh an bó é bheadh blas gránda ar a cuid bainne. Deirtear go bhfuil cneamh go maith ar mí-fhollántas le é a chur ar bhainne te.
- Bailitheoir
- Mór Ní Fátharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fátharta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. Galway