Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 253
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chur san talamh. Ní fháightear na ríolta acht i dtalamh luirg agus cuirtear síos dhá orlach san gcré iad le liaghán. Is é an rud liaghán ná píosa iarainn tuairim's leath-throigh ar léithead. Cuirtear lámh ádhmaid ar a bharr le breith air. Cabhruigheann na comharsana le n-a chéile ag cur na bhfataí. Nuair a bhéas na fataí tuairim's mí curtha trinnseáltar iad. Annsin cuirtear spray ortha nuair a bhíonns na barranaí roinnt árd ós cionn na talmhan ar fhaichtíos go dtiucfadh an dubh ortha. Baintear fataí nuadha chuile bliadhain Lá'l Pheadar is Pól. Nuair a chuirtear i bpollaibh san ngarrdha iad san bhFoghmhar cuirtear fód ó's a gcionn. Nuair a bhíonn siad scathamh insna pollaibh tarrnighthear abhaile iad agus cuirtear i sciobhail iad. Fásann Banners, Dates, Epicures, Flounders, Pilots agus Pink Eyes san oileán seo. Deirtear gurbh iad na Dates agus na Banners is fearr a fhásann sa gceanntar. Úsáidthear fataí chun "Starch" a dhéanamh. Is é an chaoi a ndéantar an "Starch" na fataí a scríobhadh agus an rúgh a bhíonns fútha a choinneál go dtuitfeadh an chuid reamhar de ar íochtar an tsaithigh. Annsin caithtear ar an barr agus triomuighthear an t-íochtar agus bheadh sé go maith éadach a dhéanamh láidir.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway