Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)measctha. Nuair a bhíonn bó bradach cuirtear rópa timcheall ó-n-a muineál go dtí a cos tosaigh. Glaodhtear crúmeasc air seo. Is corr-capall a bhíonn istigh san Samhradh, acht bíonn corrr-capall istigh san oidhce san nGeimhreadh, agu amuigh ar feadh an lae. Sé an biadh a bhíonn ag na capaillaibh san stábla fataí, féar tirm agus coirce. Sé an áit a gcuirtear an féar tirm, áit déanta as ádmad agus socruighthe píos suas ó'n urlár. Sé an rud a bhíonn mar leaba fá-n-a beithighíbh agus na capallaibh tuighe agus raithneach. Siad na h-éanlaithe feilme atá againn cearca géanna agus lachain. Sé an chaoi a nglaodhtear chum bídh ar na cearcaibh, Tioc! Tioc! ar na lachannaibh, Feed! Feed! agus na géanna Beadaigh! Beadaigh! Trí seachtmhainí a bhíonn uibheacha guir thíos fá chirc guir nó go stagann na h-éin amach. Sé an fáth a gcuirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. Galway