Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)stábla ar tigh na mbó. Bíonn rud ar a dtugtar raca le féar a chur isteach ann, agus bíonn na ba ag tarraingt amach an fhéir dhá ithe. Siad seo na h-éanlaithe tíghe atá againn: cearca, sicíní, lachain agus céadhna. nuair a bítear ag glaodhach ar na cearcaibh chum bídh deirtear "Tioc! Tioc!" Deirtear "Feed! Feed!" leis na lachain. Sé an chaoi a dtagann gar ar na cearcaibh, na na huibheacha a bheireann an chearc fágtar na luighe ortha í go ceann tamaill, agus nuair a bhíonn sí scathamh i-n-a luighe ortha tagann gor uirthi. Annsin tógtar an chearc agus cuirtear an chearc ig cleibh nó in áit éigin eile.
Cuirtear na huibheacha faoi'n gcirc agus cuirtear uisce coirrighthe le go mbeadh ádh ar na h-uibheachaibh agus go dtiocfadh na h-éiníní óga amach agus nuair a bhíonns na h-éiníní óga ag éirighe mór glaoidhtear sicíní ortha. Bíonn ál lachann shíos cheithre sheachtmhainí. Nuair a bhíonns na huibheachaibh dhá gcur síos cuirtear marc ortha, go mór-mhór uibheacha a gheibhtear ó dhaoine eile go mbeadh shiod an tdiocfaidís amach mara ,beadh aon ghor ar aon chearc agat agus thú le ál a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghillín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gillín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. Galway