School: Leath-bhaile

Location:
Levally, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leath-bhaile
  2. XML Page 248
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear amuigh i bpáirc lá ag sábháil fhéir agus luigh sé síos ar an talamh le na sgíth a leigint, thárla gur thuit an codhladh air. Fad is bhí sé in a chodladh bhí a bhéal fhosgailte aige agus chuaidh alplóchar isteach ann agus slug sé é. Nuair a dúisigh sé níor airigh sé é féin chomh maith is a bhí roimhe sin agus chuaidh sé chuig an doctúir agus d’innis sé a sgéal dhó. Annsin, dubhairt an dochtúr dhó go dtiubhradh sé leigheas dhó agus thug ach níor éirigh leis an leigheas sin. Thárla gur casadh tinncéar leis ar an mbóthar lá agus d’innis sé a sgéal dhó sin freisin agus dubhairt an tinncéar leis go dtuibhradh sé leigheas dhó dá dtiubhradh sé dídean na h-oidhche dhó agus dubhairt an fear go dtiubhradh , ansin thug an fear an tinncéar isteach agus thug sé suipéar breagh dhó. Ar maidin nuair a d’eirigh an fear bhí an tinncéar sguabtha agus bhí fearg an domhan ar an bhfear. Sa trathnóna tháinic an tinncéar céadna go teach a fhir arís agus is beag nár bhuail an fear é. Seard a bhí ag an tinncéar annsin mar leirgheas ná sgadán gort a ithe agus pota uisce a fhaghail ansin agus a bhéal a fhosgailt ós cionn an phota agus go lumfeadh an alplóchar amach san uisce le deoch a faghail.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. newts (~8)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac Aodha
    Gender
    Male
    Address
    Cappadavock, Co. Galway
    Informant
    Maolradh Mac Aodha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cappadavock, Co. Galway