Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sgéal - DamhradánBhí fear bocht i nÉirinn fadó agus ní raibh aige acht aon mhach amháin agus chuir sé an mach sin le céird agus ag fóghlum gaisgidheacht. Seacht mbliana a bhí an mach nuair a chuaidh sé leis an gceird. Chuir sé crann an lá a chuir sé a mhach leis an gceird. Bhí a mhach le ceird ar feadh seacht mbliana agus bhí an crann ag fás seacht mbliana.
Nuair a bhí na seacht mbliana caithte aige tháinich sé abhaile agus dubhairt a athair leis a dul amach sa ngarraidhe agus féachaint leis an gcrann a bhaint. Acht ní bhainfhídh an mach feach as an gcrann. Dubhairt a athair leis go gcaithfeadh sé seacht mbliana eile a chaitheamh leis an gcéird. Rinne a mhach é sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Flarthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. Galway