Scoil: Clochar Mhuire, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Maelsheachlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Máirt, Dia Luain agus Dia Máirt, Dia Luain agus Dia Máirt is Dia Céadaoin agus Dia'r Deardaoin agud Dia h-Aoine," Dubhairt sé mí-cheart é. Tháinic na sidheóga amach agus thugadar isteach é go dtí an sean-sidheóg agus d'fhiafhruigh siad de céard a dhéanfaidís leis agus dubhairt seisean ó thárla go raibh sé comh dána sin agus gur cheap sé go raibh sé níos feárr na muide go léir an chruit a bhí air a fhágháil air agus an chruit a bhain siad d'en fhear eile a chuir air freisin. Rinne na sideóga eile amhlaidh agus d'imhthigh an chruitheachán abhaile go brónach agus é níos measa ná bhí sé ariamh, mar bhí dhá chruit air.
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Feínneadha
- Inscne
- Fireann