Scoil: Clochar Mhuire, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Maelsheachlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Thugas an ruaig ó thobar Mhich Duain ¶ Is chugat anuas le fanaidh...”
(ar lean ón leathanach roimhe)2
Go Condae Mhuigheó má theigheann tú go deó
Ag cur tuairisg fear de Sheóigheach
Go ngeobhfadh tú é gabhail chugat an ród
Mar aingeal ó Ríoghacht na Glóire
Teirg ar do ghlúine agus aithris do rún dhó
Gur peacach thú ghluais ó gach cáirde
Ar úair do bháis na Flaithis go bhfághais
Ó Shagart na Cúile Báine
3
Eirighid suas go dteighid muid chun siubhal
Go bhfuigheadh muid siúd ón bPápa
Go bhfághadh muid a leigheas i dteach Phobail Mhuigheó
Ó Shagart na Cúile Báine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraich Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann