Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Domhnall Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dtugadh ar isteach é. Bhí sé i bhfad san oídhche nuair a shroich sé an baile agus gan pighinn aige acht mar an dá lá roimhe sin . Ar maidin lár na bháireach dhíbhir a mhathair agus a dhearthair Domhnall bocht agus dubairt leis gan a theacht acu níos mó, béigin dó imeacht agus gan fhíos aige cá rachaidh sé. Nuair a bhí leath an lae curtha aige de casadh tinncéir leis agus bhuaileadar leo. Bhí imní ar Domhnall cá gcodhlóchadh sé san oíche mar bhí cleacta aige ar leabhaidh maith sa bhaile, ach budh chuma leis an dtinncéir cá gcodlóchad sé. Ní raibh sé i bhfad gur casadh ag teach duine uasail iad. Bhí teach ag an bhfear seo a raibh sídheoga ann agus ní raibh sé do mhisneach ag duine ar bith codla ann, dubhairt an duine uasal le Domhnall go bfhuigheadh sé trí bhairille óir dá gcodluigheadh sé sa teach seo. Bhí Domhnall sásta. Cuir fear a tighe Domhnall agus an tinncéar isteach sa teach agus d’fhag sé leaba biadh agus barraille leanna acu agus annsin cuir sé an glas ar an doras. D’fhan an bheirt sa teach. Is gearr go dtáinich dúil san ól ag Domhnall agus chuir sé an tinncéar i gcoinne buichéad leanna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Maigh Cuilinn, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    D. Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Maigh Cuilinn, Co. Galway