School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 258
  3. XML “Fir Laidre a Bhí ann Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí duine do na Seóigí i gConamara fadó. Fathach a bhí ann. Seán na Báine a bhí mar leas ainm air. Tá sé suas le céud bliadhain ó mhair sé. Ni raibh teóra lena chuid nirt más fíor do na sean daonaibh. Bhí sé i riocht cuingear caorai a chur ar a dhruim, 's iad a thabhairt ag an aonach mar sin. Throid sé go mionn 's go minic ag na h-aontaighe. Bhuail sé na céadta. Is minic a chuir sé ruaig ar lucht aonaigh da gcuirtí fearg air.
    Bhí fear eile in a chomnaidhe ar an Laireagan Roscathail, Co. na Gaillimhe. Seán OMáille a bainm dó. Bhí sé millteach mór agus an láidir. Fear bocht a bhí ann. Rinne sé carraigheacht uair le Antoine O Reachtabhra an File. Chuir Rafterí ar a leath ghluain an chead bhabhta é ach leag Sean Mór na Creige é an darna babhta. Chuir an Tighearna talmhan fios ar a chuid tionóntaidhe uair theacht ag a chaisleán le lá spoirt 's reatha a bhí le bheith acu. Bhí go leor daoine i lathair agus tighearnaí talmhan as aiteacha eile. Bhí an leuna in a raibh an spoirt in aice na fairrge. Chonaic Seán dream ag caitheadh uird agus thóg sé an ord agus bhuail sé iad go leir. Ní raibh sé ach ag deanamh grinn leo mar nuair chaith sé an oird in dá rire chuir sé amach sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish