Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- Farravaun, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 352
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmneacha atá ar bhóithre an cheanntair ná, bóthar an Ghleanna, bóthar Guirt a bhalla, bóthar Curraigh Dhuibh agus bóthar bhaile na nGall. Tá go leór sean-bhóithre sa cheanntar freisin.
Deineadh na bóithre i n-aimsir an drochshaoghail. Deirtear gur fear ó Curr-a-Ríbhe a thug airgead do na daoine leis an bhóthar a dhéanamh. Rinne sé é ó Uachtar Árd go Droichead-na-Cille agus rinne na daoine é ó sin go Currán. Nuair a bhí na fir ag obair ar na bóithre fadó ceithre pingne a bhí le fághail atá sa ló. Tá dhá dhroichid ar an bóthar, Droichead-na-Cille agus Droichead-na-Rátha.
Tá sean droichead i n-aice Uachtar Árd, ar a dtugtar Droichead-a-Phúca air. Bhí fear meisge ag teacht ó Uachtar Árd oidhche amháin agus nuair a bhí sí ag dul thar an Droichead dubhairt sé leis na púcaibh teacht amach agus troid a dheanamh. Thosuigh na púcaí ghá bhualadh ach ní raibh sé inann aon rud a fheiceál agus is beag nár mharbhaigh siad é. Tá sgoil nó teach i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Barnagorteeny, Co. Galway