Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- Farravaun, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 382
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí na Piandlighthe ar bun i n-Éirinn ní raibh cead ag na Chaitilicigh dul chuig an Aifreann ins an séipeal agus annsin b'éigin dóibh dul amach ar an sliabh agus éisteacht le Aifreann ins an sliabh. Níor dhubhairt na sagairt annseo aon Aifreann amuigh ar an sliabh. Bhí fear in a chómhnuidhe i "Leitir Feoir" an t-am sin agus fear cráibhtheach do b'eadh é. Dubhairt sé an Paidrín Pártach gach Dómhnach i n-aimsir na Piandlighthe amuigh ar an sliabh agus buachaillí an cheanntair leis. Tugtar "Cruachán na mBuachaillí" ar an áit ó shoin.Tá pluais idir "Caisleán na Circe" agus "Leitir Feoir" agus deirtear go raibh na sagairt i bhfolach annsin an t-am sin. Bhí cailín agus bainríoghain agus fear san caisleán. Protastúnach do b'eadh an bainríoghain agus Caitileach do b'eadh an cailín. Bhí an cailín an mhór leis na sagartaibh agus do thug sí biadh dhóibh gach lá ins an bpluais. Ní raibh acht áit(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50