Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 292
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imthighthe thosuigh sé ag cuimniú ar a dhearbhátháirín nach bhfeicfeadh sé arís go deo. Bhí trí rudaí gá iomchúr ag an mbuachaillín seo, siosúr snathaid agus snáithe. Gearr sé poll san mála agus chuaidh sé amach, líon sé an mála le clochaí agus d’fhuaghail sé arís é agus rith sé abhaile. Tháinig an bheainin arais agus chaith sí isteach na sméara dubha acht níor bhreathnuigh sí isteach ann. D’imthigh sí leithí abhaile agus nuair a bhí sí píosa maith do’n bealach bí sí ag éirghe tuirseach agus dubhairt sí “Droch rath ort a Bhodaichín is tú atá trom” Nuair a bhí sí ag teacht suas do’n teach tosaigh sí ag screadach agus dubhairt sí “bhíodh an pota réidh anois agat tá gasúr breagh ramhair annseo agam”. Bhí an bhean eile a dícheall ag fágháil pota réid agus nuair a tháinig an bheannín isteach chaith sí isteach na sméara dubha agus na clochaí agus bhris sí an pota. Annsin thosaigh siad ag troid agus mharbhuigh siad a chéile.Máire Bhreathnach a scríobh.
Bean an Bhreathnaigh a d’innis. Aois 42 blianta.- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean an Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42