Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 337
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmnithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Itheann sé úbhla.
- An Arc Luachra:- San aimsir fliuch is mó a bhíonns an arc luachra amuigh. Dá mbéadh do bhéal oscailte agat léimfeadh sé aníos as an talamh agus thiocadh sé síos in do bholg. Uair amháin nuair a bhí fear in a chodladh chuaidh ceann isteach in a bhéal. Bhíodh air a bheith ag ithe chuile noiméad sa ló agus ní raibh fhios aige céard a bhí air. Lá amhain chuaidh sé chuig an dochtúir agus dubhairt an dochtúir leis go raibh arc lúachra thíos in a bholg. Dubhairt sé leis go leor salann a chur ar phíosa bagúin agus dul in áit eicint a mbéadh uisge agus an bagún a ithe agus nuair-a gheobhfadh siad baladh an uisge go léimfeadh siad amach as a bhéal. Rinne sé é sin agus léim sé arc luachra amach as a bhéal.
An Franncach:- Deirtear dá n-óltha anbhruith an franncagh go mbéadh dhíos chugat chuile rud.- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway