Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn na páistí beaga i gcómhnuidhe
ag déanamh tíghthe beaga de chlocha
agus de chipíní. Bíonn siad ag déanamh
carranna de mhaidí agus sean-stólta
freisin. Bíonn siad ag déanamh amach
go mbíonn capall acab agus téigheann
siad ag marcaidheacht ar stól nó
maide agus iad ghá bhualadh lé slat.
Bíonn na cailíní beaga ag déanamh
bábóg de cheirteacha agus bíonn
siad chomh ceanamhal ar na mbábóg
sin is dá mba cínn ceart iad. Bíonn
siad ag imirt bhfolach beag freisin.
Téigheann na páistí i bhfolach agus
téigheann duine eile ar a dtóir. Bíonn
siad ag imirt púicín. Cuireann páiste an púicín ar a shúilí agus
bíonn sé ag iarraidh breith ar na
gcínn eile agus nuair a bhéireas sé
ar dhuine caithfidh sé ainm an duine
sin a rádh agus má bhíonn an ceart
aige cuirfidh an duine eile an púicín
air. Bíonn na cailíní ag déanamh slabhraí
de nóiníní, agus bíonn siad ag déanamh
muincí de na caoran-caoran. Bíonn na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doon, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Bean an Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Doon, Co. Galway