Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 392
- XML “Féilte na Bliana”
- XML “Féile - Domhnach Chrom Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tosnuigheann an Carghaois ar Céadaoin an Luaithre. La mór throsgadh é Céadaoin an Luaithre. Deirtear go bhfágtar an leanbh ins an gcliabháin gan deoch bainne a thabhairt dhó, an lá sin, go gcaoinfeadh sé trí h-uaire. Is maith le gach duine rud eicínt a dhéanamh i rith an Charghaois, mar is am le píonós a dhéanamh is eadh é. Bíonn cuid de na daoine agus na páiste sgoile ag trosgadh ar mhilseán agus rudaí eile. Domhnach Cásga sin lá deire an Carghaois.
- Ar an Domhnach deireadh d'Iúl seadh á bhíos Domhnach Crom Dubh gach bliain. Bíonn Patrún i Mágh Chuillin an lá sin agus bíonn go leor spóirt ag na páistí ann. B'iad na fir ba mhó a chuireadh spéis ann fadó agus ní cuireann siad moran suime ann anois. Deirtear gur gearr go mbí sé imthighthe i léig ar fad. Seán Breathanch, Gort na gCruach, Ros Cathail a d'innis.
- Bailitheoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway