School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 051
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An FiabhrasNuair a lobh na fataí cailleadh na mílte daoine leis an ocras. Nuair a bhí na daoine dhá gcailleadh chomh tréan sin deirigh galar uathbhásach sa tír an fiabhras.
Bhí na daoine dhá gcailleadh ins na garrannta agus chois na gclaidheacha.
Bhí bean thiar i Muicneach-idir-dhá-Sháile a dtugaidís Máire Thomáis Seóige uirthe. Cailleadh a fear agus a cúigear mac aon oidhche amháin.
Bhí sí fhéin go dona freisin agus ní raibh sí indon an sé chorp a thabhairt go dtí an roilig.
Rug sí ortha ó dhuine go duine agus thug sí amach iad ins an gharraidhe ba goire don teach. Rinne sí poll sa talamh agus chuir sí na sé chorp gan cóntra ar bith i n-einfeacht síos sa bpoll, agus chaith sí roinnt créafóg ós a gcionn.
Cupla seachtmhain i na dhiaidh sin cailleadh í fein chois na teine i na teach féin agus d'fan sí ann gur thuit an teach uirthe.- Collector
- Nóra Ní hOibicín
- Gender
- Female
- Address
- Cinn Mhara, Co. Galway