Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 019
- XML (gan teideal)
- XML “An Mharthain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí cailín Gaedhealach sa Spáinn ar aimsir.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin dhá raibh Naomh Pádhraig ag seanmóireacht tháinig dream daoine fúithe a’s biodar le í chrochadh leó. “Go ndeanaidh Dia luatha dhíom sula a dtugaidh sibh libh mé” ars an cailín. Rinneadh luatha dhe. Nuair a d’fill Naomh Pádhraig abhaile tráthnóna ní raibh le fághail aige acht na cnámha agus iad sin fhéin i na luatha. Annsin rinne sé mairthean Pádhraig.- Claoite srán, feara fial, aithne as a gcíor go h-úr. A bhruine a bhruise, go h-úr na gréine, gléige, gíle. Go mba súghach suan agus sinnir surm ghlas. A Íosa nar bhainidh tú dhinn rún creideamh fonn féith fláth bhuidhe agus bheith fá focal.Ní fhacas go náire ar an talamh acht aithne, aithne go farticial chlaoidhte Phíolait agus fághaim na buadh seo mar an aithne bó conganta, bá treise, bó freise le fionn mhná. Ar thógail na trí Rí riaghalta ní bhíonn cíon ar aithrighe má h-eistear de cómhradh. An té a déarfadh mo luirc mhaith agus mo mhéar binn glan uasal rachfaidh sé ar neamh agus níor bhaoghal dhó Rí an Uabhair. An té a déarfadh na marthainneacha seo go cíontaí na h-Éireann ó chéadta go h-osglóchfar eidir glaise agus géabhann an té a déarfadh na marthainneacha seo ag dul i gcionn mná Muire ba mhaith an áit a ghabhail i gcionn na céile agus na cloinne. An té a dhéarfadh na marthainneacha seo ag dul i long ná(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann