Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 006
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Chuartuigheas a’s fuaireas a’s b’fhurusta dhom fághail rud nach bfuair Dia a’s nach féidir leis fhághail. Frg. Mo mháighistir.
2. Céard a bhíonns lán agus a dtéigheann tuille ann. Frg. Pota Fataí.
3. Cén mhí is lugha a ndeanann na mná cainnt. Frg. Mí Feabhra
4. Lán báid d’adhmad agus gan maide cam ná díreach. Frg. Mín-sháimh.
5. Tá sé thuas is tá sé thall a’s tá sé ag brian ar a chuid. Tá sé sa sáile liath a’s gan é níl blas ar uibh. Frg. Salann.
6. Chuaidh mé ar an aonach le dhá chaora. Fuair mé ortha an t-airgead díreach dhá sé sgilleacha a’s dhá sé pingne. Cé mhéad sin (sine) ar an gcaora. Frg. Dhá shine.
7. Cé mhéad cos fé ucht muilt. Frg. Dhá chois.
8. Trí cosa i n-áirde dhá chois ar thalamh ceann an fhir bheo i mbéal an fhir mhairbh. Frg. Fear a’s pota ar a cheann.
9. Mo dheaideo ar chúl an chóra a’s dhá chéad cóta mór air. Frg. Das gabáiste.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- N. Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. Galway