Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 224
- XML “An Long ar Eilteog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Long Ar Eltóg.Bhí baintreach ann fadó agus bhí triúr mac aici. Nuair a bhí an mach budh sine bliain is fiche d'aois dubhairt sé le na mháthair cáca do dheanamh dhó mar go raibh sé ag dul ag déanamh long ar eltóg.
Rinne an mháthair dhá cháca dhó agus ar maidin lá ar na bhárach nuair a d'éirigh an mac budh shine d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr léis, an cáca beag agus a beannacht nó an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt sé go m'bfhearr leis an cáca mór agús a mallacht.
Thug sí an cáca mór agus a mallacht dhó agus d'imthigh sé. Bhí sé ag imtheacht agus casadh madra leis. D'iarr an madra píosa de'n cháca air acht nío[r] thug. Faoi cheann bliain is lá arís tháinic an mac abhaile agus ní raibh aon long ar eltóg déanta aige.
Dubhairt an dara mac le na mháthair cáca a dhéanamh dhó féin mar go raibh sé ag dul ag déanamh long ar eltóg. Rinne a mháthair dhá cháca agus d'fhiafruigh sí dhó cé acab dob fhearr leis, an cáca mór agus a mallacht nó an cáca beag agus a beannacht.
Dubhairt sé go m'bfhearr leis an cáca mór agus a mallacht. Thug sí sin dhó agus a mallacht agus d'imthigh sé. Casadh an madra beag céadhna leis.
D'iarr an madra beag píosa de'n cháca air, acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 30
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. Galway