Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearann an Choirce
- XML Leathanach 292
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuinneoige ar an g-cuid suas de. Tugtar loinithe ar an g-cuid a oibrighthear síos suas an uachtar: Clár a tugtrar ar an g-clúdach agus cupán ar an ngléas atá ó’s cionn an chláir agus an loinithe ag dul tríd. Níl aon mharc ar chliathán nó ar thóin na cuinneoige. Is minice a déintear sa Samhradh é ná san n-Geimhreadh. Ní hé an méid céadna uaireanta san t-seachtmhain a déintear é. Is de réir mar a bhíonn bainne ann a déintear é. ‘Sí bean an tighe a dhéanann an maistreadh. Má tagann stróinséar isteach le linn na maistre a bheith dhá dhéanamh caitheann seisean dreas a bhualadh air. Is é an fáth a n-déantear é sin a fhaichtíos go d-tiubhradh sé leis an t-im. Ní dheánainn siad é sin anois acht corr-dhuine; acht deintí fadó é. Ní h-é an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Bean Shéamais Uí Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway