Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. Galway
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tagann oidhche feiltean Seáin ar an bhficheadh lá de Meitheamh, agus bionn lá Feiltean Sean againn ar an lá ina dhiaidh sin. An oidhche sin bionn teine ar lasadh ag na daoine agus bhiodh féasta ag na daoine fadó.
'Sé an sórt féasta bhiodh aca Bhainfeadh siad fatai nua agus rachaidh siad ag iasgach agus mara mbiodh iasg aca marbhuigh siad cearcaí nó siciní, le haghaidh an féasta.
Bhiodh Teine Cnamh aca. 'Sé'n chaoi a dheanfadh siad an teine ar dtúis rachaidh siad ag bailiughadh airgid ar daoine an bhaile agus rachaidh siad ag an siopa agus cheannóchadh siad ola le haghaidh na teineadh.
Annsin rachadh na daoine eile agus gheobhfadh siad cúpla cléibh móna, agus chuirfeadh siad na gasúir ag cuartughadh cnámha le hagaidh na teineadh a dheanamh suas. Nuair bhiodh chuile(leanann ar an chéad leathanach eile)