School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 129
- XML “Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Stoirmeacha agus gálaí móra :- Tuairim is deic mbliadhna fíchead ó shoin an chéad mhí d'Éarrach, bhí muinntir Thír-an-Fhiaidh ar fad i dtrág. Sheas an lá go maith dhóibh go dtáinig an taoile. Shéidh an stoirim le taoile taoille. Is ar Inis sléidhe a bhíodar i dtrág. Bhí an fhairrge cháidhte ag dul suas ós cionn an oileáin uile. Cuireadh cuid des na báid soir go Caladh Thadhg, cuir go Curradh Ghiolcadh agus cuir eile go Máimín. D'fhán bád ar an oileán go maidin agus d'fhán an bheirt fhear a bhí innte ar an oileán freisin. Ar maidin bhí an bád 'na dhá leith díreach agus píosa dhe ar an taobh thoir de'n oileán agus píosa eile ar an taobh thiar. Tháinig an bheirt fhear slán agus tá siad beo fós.
Leagadh cruacha árbhair, cruacha móna agus cocaí féir agus d'imtigeadar le gaoithe. Ar stoirim mhór mar sin thugtaoi hurricane fadó. Bhí fhíos ag cuid des na sean ndaoine go raibh an stoirim ag teacht. Deir siad fhéin go bhfacadar lasracha na stoirime san aer. Lá breágh bog a bhí ann ar maidin.Tuairim is chúig bliadhna déagh is fiche ó shoin lá Fhéile Sheáin, bhí hurricane uathbhásach ann. (an 24adh Meitheamh 1903) leag sí claideacha agus réabh sí tighthe. Tharraing sí(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Conghalaigh
- Gender
- Female