Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. Galway
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “An Bradán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus é chómh h-iadhta sin is nach mblaiseann a bhéal d'aon cheó bidh an fhaid is bhíos sé ar an loch. Bíonn sé ag athrú dath on gcéad lá a dtagann sé ar an loch dó bhrithin gur uisge fuar éadtrom is fearr leis le siolrú ann.
    Sin é an fáth a bhíós aige a teacht ar an loch. Eocrasach a thugtar ar an mbradán boireann agus lábánach ar an gceann fireann.

    An áit a bhfuil fásta tá fothanáin ann is féar
    Is an bradán ruadh preabadh is an breach geal ag snámh go réídh
    Is gur iad na fir mhaithe a phósfas na mná gan spréídh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Beartla Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann