Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ag dul. Dubhairt ordóigín go raibh sé ag dul go dtí an choill. Badh gheárr go dtáinig sé go dtí a athair Rud a athair air agus thóig sé amach as clúais an chapaill é. Annsoin thosuigh síad ag cainnte. Do bhí síad ag íarraidh é a mhealladh ar an oiread seo airgid, acht ní raibh sé sásta. Fá dheireadh mheáll síad é ar an seo airgid acht é a thabhairt ar ais faoi cheánn tamaill. D'imthigh síad leó ag cainnte le ordóigín. Cá gcuiridh síbh ar seisean mé leó. Cuirfidh muid muid súas ar bhárr ár hataí thú ar síadsan. Tá go maith arsa ordóigín. D'imthigh síad leó nó go dtáinigh síad go dtí teach. Chuir síad ordóigín isteach thríd an bhfuinneog. Chuir an bheirt an chómharle ar odróigín gan mórán gleó a dhéanamh. Nuair a fúair ordóigín é féin istigh ghlaoidh sé amach. "Céard atá uaibh, céar atá uaibh ar seisean. Nuair a dairigh na gadhaidheacha an gleó ghread siad leó. Ba gheárr(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Flaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. Galway