Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. Galway
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 288
- XML “Searrach Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, bhí m'athair mór agus fear eile ag teacht abhaile ó'n aonach. Bhí siad ag marcaidheacht ar capaill. Bhí sé an óidhche orra. Nuair a bhí siad in-aice a bhóthair féin. Chonnaic siad searrach óg taobh síos de'n bhothar. Dubhairt m'athair mór leis an bhfear eile "An bhfeiceann tú an searracg óg? " "Ní fheiceann, cé'n áit a bhfuil sé," arsa m'athair mór. D'imrigeadar ceathramha míle nó mar sin agus chonnaic sé arís é. Bhí sé an-ghar de'n bóthar an t-am seo, agus cionn orra na capaill a chuir thart air. "An bhfeiceann tú anois é" arsa m'athair mhór arís. "Cé'n diabhal atá ort" agus ar an noiméad d'imigh an searrach. Thainig siad abhaile agus faitchíos orra.
Deirtear má feictear taidhbhse nó aon ain-spioraid eile agus geasgna a dheanamh in a lathair go gcaithfidh siad imeacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghéad Ní Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mám Gamhna, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mám Gamhna, Co. Galway