Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)

Suíomh:
Béal Átha na mBreac, Co. Galway
Múinteoir:
Anna M. Ní Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Maolacáin
  2. XML Leathanach 332
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. SEAN-FOCHLA

    Sguabann an sguab nua glan.
    Tuigeann fear léigheann leath-fhochail.
    Ní fhághann chos-chomhnaidhe tada, ach fághann chos-shiubhlac masla go minic.
    Níl fhios cé is fearr an luathas nó an mhoill acht cé dubhairt é, dubhairt sé go fhearr an mhoill.
    Is mairg a íosfais chuid de'n solus.
    Námha de'n shuaimhneas an imhnidhe.
    An rud nach mbaineann dhuit ná bhain dhó agus má bhaineann féin leig dhó.
    Is fada an bóthar nach bhfuil cor ann.
    I ngan fhios de'n dlíghe is fearr a bheith ann.
    Bíonn an fhírinne searbh.
    Nuair is mó an deifir is mó an mhoill.
    Níor dhún Dia bearna ariamh nár oscail Sé ceann éile.
    Ní féidir leis an gobadán freastal ar dhá thráigh an t-ám chéadhna.
    Ná chomhear na sichiní go dtagadh siad amach.
    Tá fhios ag an fidán cé d'ith an sgadán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge