Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)

Suíomh:
Bushypark, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Sceach
  2. XML Leathanach 424
  3. XML “An Chaoi a Déantaí Línéadach Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An chaoí a déantaí líon-éadach fadó
    Bhíodh go leor lín curtha ag muinntir na h-Éireann fadó agus dhéanaidís bráithlíní, eadaighe clár agus go leór baill-éadaighe eile as. Chuiridís é ar nós coirce nó cruithneachr nó eórna agus nuair a bhíodh a chuid fás tughta aige thairnigidís as an talamh é agus cheangluighidís na bpunnancha é. Chuiridís ‘na sheasamh le balla annsoin é nó go stáluigheat sé. Nuair a bhíodh sin déanta, chuiridís ag bogadh é I bportach dearg-luidheach agus d’fhágtaí annsoin é go ceann naoí lá. Tógtaí annsoin é agus sgartaí amach é le tuaradh. D’fhágtaí mar sin é go ceann trí seachtmhaine. Ceangluightí suas arís é agus cuirtí isteach ar lota é go dtriomóchadh sé. Nuair a bhíodh sé sáthach tirm tóigtí anuas é agus caithtí ar an urlár é. D’fháightí tuairigín agus bristí agus brúightí an líon. Annsoin cuirtí sisteal ‘na sheasamh ar an urlár agus bhídís ag tarraingt an líon tríd sin nó go ndéantaí snáitheachaí dhó. D’fhághtaí tlú gairimint ansoin agus cuirtí an líon tríd agus seo é an uair a glataí an barrach de.
    Sgríobhtha síos ag Máire ní Nuadhain, Pollach, ó' na h-athair Eamonn Ó’ Nuadhain, feilméar, Pollach, Mághcuillinn.
    Sgríobhtha, Meitheamh 1938.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Nuadhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Pollach, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Nuadhain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Pollach, Co. Galway