Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 078
- XML “An Fear Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I lár na h-oidhche bhí gach duine 'na chuideachta deas, nuair a thóg sí seo amach an láimh deas agus í lán do fháinní. Do thóg sí anáirde í agus dúbhairt sí.
"A Úncail, an n-aithnigheann tú an láimh?"
"Aithnighim", ar sé, "cad na thaobh ná h-aithneóchainn. Nách í lámh mo inghine féin í."
"Sí," ar sí.
Dúbhairt sí go raibh sceul aici á mhaith léithi a ínnsint agus do innis sí an sceul díobh agus d'fhiafruig sí cad a ceart a dheunamh leis agus dúbhradar gur cheart á chrochadh nú rud éigin eile a dheunamh leis.
Do ghlaoidh sí ar an bhfear ar thug sí an nóta do theacht chúiche ach níor chuaidh sé mar do tháinig scannradh air, ach dúbhairt sí leis gan aon scannradh a' theacht air mar gur b'e a thug a h-anam di.
Ansan do thug sé an nóta di agus do dúbhairt sí ná pósfadh éinne go bráth í ach é.
Dúbhairt a h-athair go raibh sé ceannuighthe aige. I gceann cúpla lá 'na dhiaidh sin do pósadh iad agus bhí deire a shaoghail go maith aige.- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Lúbhaing
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Baile an Ghleanna, Co. Kerry